An cónaí a bhí ar an bhaile, Ceann Darach, bhí cúig chónaí ann - na Baoilligh, clann Uí Dhomhnaill, Ó Colla, Ó Fearraigh. Tháinig siad féin as an Tearmainn agus phós siad isteach ansin. Gaeilge uilig a bhí ann ach cailleadh go mór í, daoine ag teacht as Albain ar laetha saoire ag tabhairt isteach an bhéarla. Ní thuigeann se canúintí eile a bhíonn ar an raidió leis na difríochtaí atá eatarthu.